School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 293
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páidreacha
1.Ag coigilt na teineadh
Coiglim an teine seo mar choiglim Críost cách, Brighid ina bun, agus Muire ina lár, seacht n-aingeal fiche ag an teineadh go dtí lá is ag cúmhdach an toighe seo is na daoine go lá.2.Ag dul a luighe duit.
Luighim ar an leabaidh seo mar luighfidh mé ins an uaigh, ag deánamh faoiside leat a Íosa go cruaidh, tré gníomhairí mo cholna, tré smaointeacht mo chroidhe, tré labhairt mo bhéal, tré gach ní a dubhras, is nach rabh fíor, iarraim maitheamhnas ort a righ na glóire. Amen.3.A Íosa a Mhic Dé gabh seachnuigh m'anam ar aon slighe, do mo chúmhdach, do mo shábhal ar aon teinidh agus ar uisge.4.Cum Dia agus Muire mé , Conall agus Colmcille, go sabhalaidh siad mé ar achan olc agus go gcuirfidh siad déagh-bháis chugam. Amen.(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal