School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 408
- XML “An Chearc agus an Lach”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair cearc agus lach píosa ime, gach ceann aca in am amháin. D'alp an chearc siar giota s'aice fhéin ach chuimil an lach an giota a fuair sí fhéin thart uirthí fhéin uilig. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu má bhíonn an chearc amuigh i bhfearthainn bíonn cuma dhíblíghe uirthi ach sé rud a fhóghnann an fhearthainn de'n lach siocair gur chuimil sí an bealthú díthe féin.
- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female
(no title)
“Bhí an geimhreadh ann agus é an fhuar. Bhí an madadh ruadh ...”
Bhí an Geimhreadh ann agus é an fhuar. Bhí an madadh ruadh ag siubhal thart agus é d'a fhleaitheadh agus ars seisean: "Nuair a thiocfas an Samhradh dheánfaidh mise teach." Thainic an Samhradh agus bhí an madadh ruadh ag gabhail thart agus a theangaidh amuigh le teas agus ars seisean: "Dheamhan teach ná teach."