School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (roll number 10165)
- Location:
- Glenties, Co. Donegal
- Teacher: An tSr. M. Deuglán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuiteann oidhche fheil na marbh ar an 1adh lá de mhí na Samhna.
Deireann an sagart trí Aifreann ar an 2adh lá de mhí na Samhna mar sin lá na marbh. Deanann gach Caitlicheach cuairt chun an toigh phobail ar son na marbh, an lá sin.
Deirtear go dtigeann an marbh ar áis an oidhche sin. Is é an gnás é an teaghlach a scuabadh go maith agus gach rud eile a fhágail go deas glan. Ní chuirtear glas ar bith ar an doras an oidhche sin ach oiread. Deirtear annsin go dtigeann an marbh ar áis nuair a bhíonn gach duine ‘na luighe, agus gur imthigheann siad arís roimh breacadh an lae.
Gnás a bhí ag na sean-daoine, - biadh a fhágail ar an tabla ar eagla go mbéad ocras ar na marbh. I n-áiteacha chuirtí tobac agus snaoisín ar an tabla do na marbh fosta.- Collector
- Brighid Ní Bhaoghail
- Gender
- Female