School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Róis Ní Bhraonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 119
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Am amháin bhí beirt fhear beo ar an bhaile cheadhna darbh b'ainm Seon agus Rucard. Fear beag a bhí in na Rucard acht bhí sé an-mhiotalach agus in na an-oibrighe.”
(continued from previous page)D’éirigh Seon go fuar fadalach agus chuaidh amach. Chuaidh sé síos an bealach mór indhiaidh Rucard agus nuair a bheir sé air d’innis sé dó go rabh sé ag dul leis ‘un Lagain. “Maith go leor “ arsa Rucard agus bhog siad leo. Nuair a tháinig siad go droichead Leithbearr d’amharc Seon thart ar an talamh maith agus ar na toigtibh bréagha agus thug sé mionna don diabhall nach bfeicidh eisean ag treasnadh an droicheadh seo go bráthach.
Nuair a d’imtigh siad leo giota connaich siad sean fhear, buachaill agus cáilín óg ag tarraing ortha. Cé iad (se) seo arsa Seon le Rucard; sin an bunadh atá beo sa chaislean sin thall, caithfidh siad é a fhágail le luighe gréine achan tráthnóna cionnus go bfuil taidhbse. Bheárfaidh siad £100 dó dhuine ar bith a fhanochas(continues on next page)- Informant
- Proinnseas Ó Braonáin
- Gender
- Male