School: Edenfinfreagh (roll number 8901)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Conn Mac Diarmada
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Edenfinfreagh
- XML Page 011
- XML “Beatha Chríost”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)A beatha na naingeal 's a solus na gréine
Is tú chur i gceangal na deamhain is tréine
A gile gan smuid is a ghniús is féille
A ghrianan óir, a chabhar 's a chéille,
A Grathat 's a bhreataidhe deadaidhe gleigeal
A gille gan smuid is a ghniús mar réalta4
A Phéarla an cuman 's a chailín na mbuaidhin
Is tú bhris tonna na leachain is cruaidhe
Is fada liom uaim do chuairt 's mé ngeibheann
Mó creachta ar sileadh agus mo cuimirce ort a aon bhean
Bhéarfaidh mé m'aghaidh go buadhartha náireach
Ar nuadh na gile agus ar innilt a chraobhuidhe
Ar arc an Chonartha 's ar chailín na mbuadhan
Saor mhanum ó smúid agus a ghniús mar réalta.5
Ar aille loabhar loinnreach uasal,
Stuama chinealta shoinneanta nuadh-gheal,
Ar aon mhaiseach mhór aille críonna
Ar íoc gach aicid ar anum na ndaoine.
A bhróin-gheal urnuigh storach líonta,(continues on next page)- Collector
- Conn Mac Diarmada
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Informant
- Aodh Mac Mongail
- Gender
- Male
- Address
- Taobh an Locha, Co. Donegal