School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 188
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a thiocfadh cruaidh orraibh tig líbh an phíce a chaitheamh i n-éadán na h-urcóide." Ní thug an fear a ba shine áird ar bith air, ach iarraidh air gan a cheann a bhuaidhreadh leisean. Bhí an dara fear mar a gcéadhna ach ghlac an tríomhadh mac a chomhairle agus thug sé leis an píce.
Nuair a bhí siad amuigh i lár na fairrge d'éirigh an doineann agus bhí eagla ortha go mbaithfídhe iad uilig. Smaointigh an fear a b'óige ar an phíce agus chaith sé amach é i n-éadán na h-urcóide agus go díreach mar do dhá bhois ar a chéile shocair an fhairrge agus fuair siad 'na bhaile go slán sábhailte. Lá thar n-a bhárach tháinic fear ar dhruim chapaill fhad leis an fhear seo agus arsa seisean leis an fhear. "Iarr ar an mhac is óige agat a' theacht liom-sa agus(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh na Gréine, Co. Donegal
- Informant
- Michéal Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Mín Beannaid, Co. Donegal