School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 207
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Tabhair damh an builbhín mór agus do mhallacht, no tá sé beag go leor agam," arsa'n mac.
"Maith go leor," ars sise, agus bhí sí ag mallachtaigh air go dteachaidh sé amach as amharc. D'imthigh sé leis go dtainic sé fhad le tobar a raibh uachtar meala agus íochtar fola ann.
Thug sé amach an builbhín agus shuidh sé ag taobh an tobair agus chuaidh sé a tomadh an aráin ins an tobar agus chuaidh sé a dh'ithe annsin. Caidé a thainic thart ach an madadh beag dubh a ba deise da bhfacaidh sé ariamh.
"Tabhair domh cuid de'n arán," arsa'n madadh beag dubh.
"Tabhair duit cuid de, tá sé beag go leor agam fhéin," arsa seisean.
Chuaidh an madadh agus mheasc sé a ruball ins an tobar agus tháinic uachtar fola agus íochtar meala air.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Ailín
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Crolly, Co. Donegal