School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 238
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhean dearmad de'n gheall a thug sí do inghin an ghréasaidhe nó bherieadh sí arán buidhe díthe agus arán geal do na inghin fhéin.
Tháinig an geimhreadh agus an sneachta agus chuir an bhaintreabhach culaith páipéir ar inghin an ghréasaidhe agus chuir sí amach í a iarraidh sméara dubha. Shiubhail an ghiorsach léithe go dtáinig sí go dtí teach sa choillidh agus bhí triúr fear ina suidhe ag an teinidh agus ní rabh siad a dath níos mó na trí fóide mónadh. Shuidh sí síos ag an doras a ithe giota an aráin bhuidhe. D'iarr fear aca giota de'n arán uirthí, agus dubhairt sí go dtabharfadh agus fáilte thug sí do é agus thug sí giota don bheirt eile fosta.
D'iarr siad uirthí an teach a sguabadh agus rinne sí(continues on next page)- Collector
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Máire Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal