School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 398
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tharraing sé an crann agus thug sé 'na bhaile é. Annsin leig a athair agus a mháthair ar fostodh é.
An chead áit a dteachaidh sé ar fostaodh chuig feirmeoir ar an tSrath Bán agus chuir sé isteach cúig mhí dhéag ann. An chead obair a thug an fear do a ghabhail síos agus amharc isteach ar doras an toighe sin shíos agus go bhfeicfeadh sé an diabhal ina shuidhe ar chathaoir agus é ag amharc isteach ins an teinidh.
Chuaidh an gasúr síos go dtí an teach agus d'amharc sé isteach ar an doras, Chonnaic sé an diabhal ina shuidhe annsin agus phill arais go dtí an teach. "Anois," arsa an fear, "ma théid tú síos go dtí an teach agus an diabhal a chur amach bhéarfaidh mé mála óir agus mála airgid duit.
Síos leis an stócach go dtí an teach agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé paidir le Dia an diabhal a chur ar shiubhal as an teach. Ní luaithe a bhí an phaidir ráidhte aige na d'imthigh an diabhal amach as an teach. Phill sé arais ar a mhaighisitir agus dubhairt sé go rabh an diabhal ar shiubhal as an teach anois agus go rabh a pháighe a dhíth air. "Cinnte níl(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Séan Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal