School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 88

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 88
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Nuair a bhí an "Silesia" na luighe istuigh ar an thraigh agus an lasta ádmuid gha bhaint dithe bhí na maoir chladaigh gnoitheach i gceart.

    (continued from previous page)
    bhí siad fa chupla céad slat do thug sé fa deara iad agus d'aithin ar an bhomaite sin ce'r b'iad féin. Léim sé thar an chlaidhe agus shín an rópa acht níor bhfada go rabh mo dhuine bhocht gaibhthe. Cé bhí ann acht Eoghainín Padraig as Gleann na hAilte agus dhá bhuideal mhóra phóitín ann a bhpócaí leis. Rugadh nighean do an trathnona sin agus chuaidh sé síos go teach sibín bhí thíos in iochtar an Chéididh ann uair seo fa choinne braon biotailte. Tugadh Eoghainín bocht ar shiubhal 'un na bearraice caol díreach é féin agus a chuid biotailte agus cuireadh sgeal chuig a mhnaoi bhoicht go rabh sé gaibhthe.
    La thar na bharach thrialligheadh é agus daoradh é chun phíosúin ar feadh sé mhí.
    Cupla la indiaidh sin bhí Captaoin Coppin. Sin an t-ainm bhí ar Chaptaoin an Silesia. Bhí sé ar chuartaidheacht i dtoigh Mr Foster agus ba annsin ar chualaidh sé fa'n dóigh ar beireadh ar Eoghainín Pádraig. Chualaidh sé fosda go bhfuighfeadh an duine bocht air siubhal acht an cháin ar chuireadh air a dhíal. rud nach rabh Eoghainín abalta a deánamh. Ba é Mr Foster an Bréitheamh a thriallaigh an chás agus shocruigh an Captaoin leis go ndíolfadh sé féin an cáin, agus tamall beag indiaidh sin chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Nic a' Bháird
    Gender
    Female
    Age
    99
    Address
    Béal na Cruite, Co. Donegal