School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 93

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 93

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 93
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí doighteán i mBeul na Cruite an uair amháin nach rabh a leithead san chuid seo den tír roimhe sin na o thoin.

    (continued from previous page)
    Rinn an sluagh a bhí iláthair oiread 's thiocfadh leo a dheánamh a caitheamh uisge le stópaí ar chruinnigheadh on na bothógaí agus toighthe bhí chomhair baile. Bhris fear poll isteach fríd taobh na bothóige agus tugadh amach na cuirp agus fagadh iad na luighe ar leic mhoir bhí amuigh cupa slat on bhothóig, acht ní thiocfaidhe a n-aithne acht an tachrán amháin. Níghean Hughaí, bhí píosa beag de na cirteach nar dóigheadh istoigh faoí na h-asgaill agus daithin a mathair féin gurbh é cuid eadaigh a nighne féin bhí ann.
    La thar na bhárach rinneadh coinracha agus cuireadh iad i Roilic Cheann Caslach. Bhain Séimí agus a bhean faobhtha sa ghleann go bhfuair siad trioc toighe cruinnighthe agus chuaidh siad isteach na gcomhnuidhe go h-Oileán na Cruite.
    Rinneadh poll mor san chaoran agus cuireadh an t-eallach annsin. Bhí muinntear na h-áite anuas go millteanach ar bean Séimí cionnus na páisdí beaga a fhágail leo féin. Ní rabh fios ag a'n duine caide b'adhbhar leis an teine acht ba é an baraimhal gurbh é an cochán a ghlac teine ar dtús thíos ag an doras acht nuair bhí sin na bladhaire nach dtiocfadh leis na páisdí faghail ar shiubhal bealach an dorais.
    Deirfeadh daoine eile go rabh an glás ar an doras ar an taobh amuigh, geall ar gan iad a bhéith ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish