School: Acres (roll number 10827)
- Location:
- Na hAcraí, Co. Donegal
- Teacher: Eilis Ní Dhomhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Acres
- XML Page 63
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear i gCruit aon uair amhain agus sé an t-ainm a tugtar air an Baoghalach Beadaigh. Lá amhain bhí sé amuigh ar an traigh agus cas sidhe air.”
Sgéal.
Bhí fear i gCruit aon uair amhain agus sé an t-ainm a tugtar air an Baoghalach Beadaigh.
Lá amhain bhí sé amuigh ar an traigh agus cas sidhe air. Bhí siad ag cómhradh agus ag damhsa thart ar feadh tamaill bhig, acht arsa an sídhe leis an fhear an mhaith leat dul linne ar cuairt gó Connachta, agus dubhairt seisean gur Cuma leis. Annsin rug siad ar cupla buachallan buidhe agus rinne siad capaill asta.
Léim an Baoghalach ar an chapall breagach agus siadsan i mbun a gcapall féin agus ar shiubhail leo gó Connachta.
Chuaidh siad isteach chuig baintreabhach mna agus bhí fhios acu go rabh giorsach aicí a bhí as baile. Chuaidh siad amach agus chasadh ortha an giorsach agus canna uisge leithi. Scuab siad leo an chailin agus níor stad siad go rabh siad I gCruit aráis.
Nuair a thainig an Baoghalach abhaile bhí an giorsach leis agus í bodhar agus balbh.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Leac Eidhneach, Co. Donegal
- Informant
- Maire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Leac Eidhneach, Co. Donegal