School: Acres (roll number 10827)
- Location:
- Na hAcraí, Co. Donegal
- Teacher: Eilis Ní Dhomhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Acres
- XML Page 70
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sideóga.
Bhí beirt buachaill ag baint preataí í gcuidhreann tá corradh le leath-chéad bliadhainn ó shoin.
Chuir siad síos teine bhéag i bhfasgadh spinnce, agus bhí siad ag rostadh preataí dobhtha fhéin.
Ní rabh siad i bhfhád ag rostadh go dtáinig fear béag baoideach amach as sgoil a bhí ins an spinnc le culaith dearg air agus dubhairt sé leo, “Tóg an teine amach as seo”, tháinig sgannradh ar an buachaill óg, agus thóisigh an buachaill a ba sine ag gaire faoí. Le sin thóg an duine béag a lámh agus thúg sé slap do agus tionntuigh sé a bhéal siar go dtí a cluas.
Rith an bheirt abhaile agus a gcroidhe ina mbéil aca agus d’innis siad s’a máthair an rud a tharla.
Ní rabh an buachaill abalta cainnt go maith agus d’innis an buachall óg ann an sgéal dí.
Thúg a mháthair an buachall go dtí an sagart agus dubhairt sé paidir os a chionn agus i gcinn seachtmhaine no mar sin(continues on next page)- Collector
- Brighidh Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Na hAcraí, Co. Donegal
- Informant
- Brighidh Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Leac Eidhneach, Co. Donegal