School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch an Iubhair
- XML Page 337
- XML “Fear Mhachaire Gathlán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins na sálaibh aige ar fad. Bhí claidhe mór eadar an teach agus an fhairrge. Bhí bearnaidh mhór árd i lár an chlaidhe agus dhá mháide ‘na seasadh innti mar bhéadh cras ann. Reath an fear isteach fríd cheann de na poill a bhí ins an chrais, agus nuair a tháinic an tarbh ‘fhad leis an chras a bhí ins an bhearnaidh leig sé buirfidh amháin agus nuair a d’amharc an fear thart ‘na dhiaidh fuair sé amharc míre i súilibh an tairbh, agus cuma air nach rabh uchtach aige a theacht ní bfuide. D’amharc sé thart arais. Ní rabh tarbh ar bith le feiceáil aige an t-am seo. Chuaidh sé suas ‘un toighe, agus d’innis dó nó mhnaoi goidhé mar bhí. Chuaidh sé i luighe. Dubhairt sé le na mhnaoi gur mhaith leis í an sagart a thabhairt chuige. Nuair a tháinic an sagart ‘un toighe bhí an chainnt caillte ag an fhear agus ní rabh an sagart leath bealaighe arais go dtí go rabh an fear marbh.
- Collector
- Proinnsias Óg Mac Gríanna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal