School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 92
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Inghean Ríogh Chnoc an Óir.Bhí rí agus bainríogháin i nÉirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aca. Ba’ é an t-ainm a bhí ar na mic, Cod, Fionn agus Oscar. Dá réir mar bhí an teaghlach ag éirghe aníos bhí an rí agus an bhainríogháin ag éirghe níos boichte
Nuair a tháinic siad i mbun-méadaidheacht rinn siad amach go n-imtheochadh siad go bhfeicfeadh siad an mbéadh siad ábalta sáidhbhreas ar bith a chruinniughadh.
Bhí tobar íoch-shláinte comhgarach do caislean an ríogh agus nuair a d’éirigh siad ar maidín d’iarr Cod ar a bheirt dearbhrathair a bheith leis go dtí an tobar. Tharraing sé scian amach as a phóca agus chaith sé síos anns an tobar í agus dubhairt sé leis na dearbhrathaireacha dá dtiocfadh geibheann ar bith air-sean go dtiocfadh ruadh-mheirg ar an scian agus d’imthigh leis.
Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin beag agus deireadh an lae air. Casadh coillidh air(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal