Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 161](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1067%2FCBES_1067_161.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 161
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Shíol an bhó riabhach go rabh an lá leithe nuair a bhí an Márta críochnaighthe. Ach fuair an Márta dhá lá de iasacht uadh an Aibreán agus d'fhág sé feannta chois claidhe an bhó riabhach. Bheirtear laetha na riabhaigh mar sinar laetha deireannach de'n Mhárta, bíonn siad go minic fuar, garbh.
- Foghmhar Bhealach Gaoithe.Tá mórán de bhailte féarain thall sa bhfos fríd shleibhthe Thír Chonaill a mbíonn curraideacht mall a dheanamh ionnta. Tá an talamh fuar agus ní apann an bárr go mbíonn sé déineach sa bhliadhain.
Is gnathach le gaoth chruaidh teacht i gcomhnuidhe dratha na samhna. Cuideann an ghaoth seo le muintear na gcnoch an foghmhar a chruinniughadh isteach. Labhartar sa cheanntar seo ar an cruadhlach sin. [main]? Ghaoth fhoghmhair bhealach gaoithe.