School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 13
- XML “Seanscéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéalta
“Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.”
Sean-sgéaltaFuair mé na sean-sgéalta seo ag mó mhathair mhór Bríghid Níc Eachmharcaigh, Caoldruim
Bhí sean lánamháin 'na gcomhnuidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra. Ní rabh aon ghreim le h-ithe aca Bhí sean-chapall aca a bhí comh sean leis an cheó. Lá amháin d'imthigh an sean-dhuine 'un aonaigh leis an chapall a dhíol. Nuair a bhí an fear ag tarraingt ar shráid an aonaigh casadh fear agus stócach air, "Bhéirfidh mé an stócach seo duit ar an chapall" arsa an fear. "O! ní thiocfadh liom" arsa an seandhuine,"Airgead atá a dhith oram-sa." "Bhal" arsa an fear eile, "Tá an stócach seo lán comh maith le airgead". "Seo bhal tá an margadh deánta", arsa an sean-dhuine. Rinne siad an mhalairt agus d'imthigh an bheirt 'un na bhaile.
Nuair a phill an sean-dhuine 'un na bhaile thoisigh a bhean a mhalachtaigh air. "Cá chuighe a dtug tú leat an stócach seo agus gan a dhath le h-ithe againn féin,
"Seo, seo, " arsa an stócach deán bolgam tae dúinn. D'éirigh sise go fuar fall fadalach agus rinne réidh bolgam. Nuair a bhí an tae ólta dubhairt an stócach "Rachaidh mise agus tusa suas 'un na chnuic le dhá mhála fraoich a bhainnt(continues on next page)- Informant
- Bríghid Nic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal