School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis í a fághail uadh gan ceud.
2)An té a shuidhfeadh in a cathaoir nach dtiocfadh leis éirigh gan ceud uadh-san
3) An rud a rachfadh isteach in a sparán nach dtiocfadh leis a theacht amach go dtabhairfeadh seisean cead dó.
Bhí cuid mhór peacaidh deánta ag an ghabha agus lá amhain thainig diabhall fá na choinne. Beir ar an órd seo go gceanglothaigh mise iall mó bhróige agus annsin beidh mé leat" Bheir an diabhall ar an órd ach ní thiocfadh leis í a fhágail uadh. Dubhairt an diabhall le Liam a rádh leis an órd stad agus tuiteam uadh agus nach dtabharfeadh sé lá buadhartha go deó dó. Leig Liam dó'n órd tuitim agus d'imthigh an diabhal. An lá thar na bhárach thainig diabhal eile fá na choinne. Shuidh sé ar an chathaoir le na sgithiste a dheanamh ach ní thiocfadh leis éirigh dithe. "Ó leig damh éirigh" arsa an diabhal "agus imheochaidh mé uait." Leig Liam dó éirigh agus d'imthigh sé. An tríomhadh lá thainig diabhal eile fá na choinne. "Gabh isteach in mó sparán" arsa an gabh" agus rachaidh mé go dtí teach leanna go bhfuighidh mé deoch. Chuirfidh mé i gcéill gur airgead ata ann." Rinne an diabhall mar h-iarradh air ach ar an droch uair ní thiocfadh leis a theacht amach airíst. Annsin dubhairt Liam "Beidh tú annsin anois go dtabhairfidh tú isteach go n-imtheochaidh tú agus nach dtiocfadh tú mó cómhair níos mó." Dubhairt(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal