School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 22
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí bean ann am amháin agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire Bobanta.”
Sean-sgéalBhí bean ann am amhain agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire bobanta. Lá amháin dubhairt Gráinne go gcaithfeadh sí féin imtheacht agus saibhreadh dithe féin " Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa sise." Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fear liom tuirtín mór agus dó mhallacht" arsa sise. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Casadh fear uirthí agus rinne sé í a fhastódh
Bliadhain agus lá na dhiaidh sin dubhairt Nuala go rabh a deirbhsiúr ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí ag dul ar a chuairt chuici." Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh", arsa Nuala."Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fearr liom tuirtín mór agus dó mhalacht. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Rinne sí fastodh ins an teach cheudhna ina rabh an cheud bhean.
Bliadhain agus lá 'na dhiaidh sin dubhairt Máire bobanta go rabh a deirbhshiúr ar shiubhal le dhá lá agus dhá bhliadhain agus go rabh an dara bhean ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí fhéin a imteacht fosta. Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa Máire. "Caidé an seort tuirtín is feárr leat" arsa an mhathair. "Tá" arsa Máire "tuirtín beag agus dó bheannacht".Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Eadar(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal