School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'iarr sí ar an uisge an teinidh a phlúchadh nuair nach ndoighfeadh an teinidh an bata, nó nach mbuailfeadh an bata an madadh, nuair nach n-iosfadh an madadh an gabhar, nuair nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n-íosfadh sise an tom beag, bídeach, bídach sméar
Dubhairt an t-uisge nach bplúchadh, agus d'iarr sí ar an bhó an t-uisge a ól nuair nach bpluchadh an -uisge an teinidh, nuair nach ndóighfeadh an teinidh an bata, nuair nach mbuailfeadh an bata an madadh, nuair nach n-íosadh an madadh an gabhar, nuair nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n-íosfadh sise an tom beag ,bídeach, bídeach sméar.
Dubhairt an bhó nach n-ólfadh, agus d'iarr sí ar an bhuistéir an bhó a mharbhadh nuair nach n-olfadh an bhó an t-uisge, nuair nach bplúchadh an t-uisge an teinidh, nuair nach ndoighfeadh an teinidh an bata, nuair nach mbuailfeadh an bata an madadh, nuair nach n-íosadh an madadh an gabhar, nuair nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n-íosfadh sise an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
Dubhairt an búistéir nach marbhfadh, agus d'iarr sí ar an rópa an búistéir a chrochadh(continues on next page)- Collector
- Mairín Ní Chnaimhsighe
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Ní Dhubhgáin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal