School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Ainm: Máire Ni Choileáin
2. Seoladh: Gleannchoilmcille i dTír Chonaill
3. Aois: 31 bliana
4. Gairm Beatha: Múinteóir Scoile
5. Car tógadh í: Teidhleann, An Charraig i dTír Chonaill
6. Ainm an duine ó'r chualaidh iad: Peigí Ní h-Eigheartaigh (nach maireann)
7. Cá mhéad bliadhain ó shoin: 20 bliadhain ó shoin
8. Aois an duine eile: 60 bliadhain
9. An Áit Chomhnuidhe: Teidhleann i dTírchonaill
10. An Dáta ar sgríobhadh an sgéil: Eanáir 1936Bhí madadh ruadh agus an chorr na gcomhnuidhe le chéile ag taobh an chladaigh agus teach beag ceann toigheadh aca. Bhí an chorr 'na bean toighe maith agus bhí croc mór ime deánta aicí réidh le h-aghaidh an mhargaidh, ach ní luaithe an croc lán nó tháinig sgeula go rabh cogadh le theacht agus cuireadh an croc i bhfolach i mbeul na trágha.
Lá amháin bhí'n madadh ruadh thuas ag cur tuighe agus sgairt sé amach Hoi! hoi! hoi! Caidé sin ort? arsa'n chorr. "Tá" ar seisean "fear thall annsin 'mo iarraidh le páiste a chongbhailt le baisteadh." Ar h-iarraidh mise?" arsa'n creatúr." Níor h-iarradh arsa'n madadh ruadh," ach gabh isteach annsin(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 31
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal