School: Cnoc Sacsan (roll number 16024)
- Location:
- Knocksaxon, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Séamus Ó Cearnaigh a fuair ó n-a athair Séamus Ó Cearnaigh. As Droigheanán an Easa dóibh beirt. Atá Sean Séamus timcheall le seascadh bliain anois is chaith sé a shaoghal ar fad sa mbaile."Bhí sean scoil in aice le moo áit chomhnhaidhthe sa t-sean aimsear agus is ann a chuaidh mé ar dtús. Scoil bheag a bhí innti is ní raibh ach an t-aon sheómra amhain innti.Do thóg na fir óga í. Ballaí cloiche is dion de luacra is scráthanna, aon doras amain air agus fuinneóg beag is similéar. Ní raibh suidheachán innti ach bhí aon chathaoir amhain is bosca sa scoil.Máighistreas darbh ainm inghean Ní Tonnaidhe (?) a bhí ag teagasc innti. Tagad go leór leór páistí go mór-mhór sa ngeimhreadh. Bhí an Gaedilg aca féin is an Mháigistreas ach is annamh a labair siad í. D'fhógluin siad an Béarla ar scoil is bfheárr leis túismightheóirí í ná an Ghaedhilg.Cuireadh scoil ar bun i gCroc Sacsan is thréig na páistí go léir an scoil seo is chuaidh siad go dtí an ceann nua.
- Collector
- Séamus Ó Cearnaigh
- Gender
- Male
- Address
- Drunganagh East, Co. Mayo
- Informant
- Séamus Ó Cearnaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Drunganagh East, Co. Mayo