School: Más an Easa (B.) (roll number 14775)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Prionnseas Mac Carraigh
![The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1075%2FCBES_1075_157.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 157
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (B.)
- XML Page 157
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar mo chlaidheamh, béidh mise marbh. Má thigeann mise annseo romhat agus méirg a bheith ar do chlaidheamh béidh fhios agam go bhfuil tusa marbh”.
Shiubhal Seán leis go deachaidh sé fhad le caisleán, agus bhí fear-uasal in a chomhnuidhe annseo. Bhí fáthach ag teacht isteach ó’n ghárraidhe, agus bhí sé ag milleadh uilig a bhí aige. Dubhairt an fear uasal cé ar bith a chuirfeadh ar fáthach ar bás go bhfuighfeadh sé a inghean le pósadh agus go dtabharfadh sé a chuid saidhbhris a bhí ar t-saoghal dó-san. Ní rabh fhios ag Seán rud ar bith fá’n fhear uasal nó a inghean nó bhí sé in-a stráinséar ‘san áit.
Tharlaigh Seán agus an fáthach ar a chéile, agus thosuigh siad ag troid, agus le sgéal fada a dhéanamh goirid mharbh sé an fáthach agus bhain sé a sgian amach as a phóca agus ghearr sé píosa de a theanga de, agus chuir sé an píosa seo isteach in a phóca, agus shiubhal sé leis.
Dheómhan a bhfad go dtainig fear bratógach thart agus tchídh sé ceann an fháthach(continues on next page)- Collector
- Frank Mc Carry
- Gender
- Male
- Informant
- Mrs Anne Sheils
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Cashelmore, Co. Donegal