Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 142](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_142.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 142
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 142
- XML “A Liam a Thaiscidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí se ag éirigh dorcha ag an am agus cha rabh an focal deirneach as a beal nuair a chualaidh sí an tomran ag an doras,
"Seo duine eigin-teacht ag teacht," ars sise leithi-fhéin agus d'amharc síos agus caidé chonnaic sí ag teacht isteach ar an doras acht an dhá chois a ba mó a bhfaca duine ariamh. Thainic an dhá spág mhóra suas an urlar agus shuidh siad síos ins an coirneal.
"Seo giota fir cinnte go leor" ars' an t-sean-bhean, "nach mór an truagh nach bhfuil tuilleadh leis," agus sníomh sí leithí, agus sniomh sí leithi agus an-dhúil inntí i dtuilleadh cuidheachta.I gcionn tamaill bheag chualaidh sí torman beag ag an doras arais. D'amharc sí thart agus caidé chonnaic sí ag teacht aníos an urlar acht an dha luirgean caol fada agus char stad siad gur shuidh siad ar mhullac an dhá spág móra.Sniomh sí leithi, agus sniomh sí leithi, agus dubhairt sí leithi-fhéin "Sin giota maith de fhear anois, nac mór an truagh nac bhfuil an fear uilig ann," agus thoisigh sí ag sniomh níos gáisce no ariamh, ach cha rabh sí abhfad ag obair nuair a chualaidh sí torman beag eile ag an doras agus nuair a d'amharc sí síos chonnaic sí an da ghlún mhóra ag teacht aníos an urlar agus níor stad siad gur luigh siad síos ar mhullach an dhá luirgean caol fada.
"Tá sé ag éirigh níos mó" ars' an bhean "béidh fear agam go foil," agus sniomh sí leithi, agus sníomh sí leithí, agus ba maith leithí tuilleadh cuideachta a a bheith aicí. Nuair a chuaidh cúig bomaite thart tháinig an truisneach ag an doras arais agus ar a amharc síos chonnaic sí an da mheas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)