School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 232
  3. XML “Na Lochlannaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear amháin ann agus bhí léarsgeal na lamha leis. Thoisigh siad ag obair agus ag cuartughadh agus chonbuigh siad ag obair go dtáinic an oidhche orthú.
    Nuair a fuair Gallchobhair fáill tháinic sé amach as an uaimh a rabh sé na bhfolach ann agus thug se leis pilear an ghunna mhoir agus tá sé a bheith le feiceal ag na theac an lá indiú, agus is iomdha trathnóna a chaith fir óga na h-áite ag deanamh iarraidh ce bhí ábalta an pilear sin a chaitheamh is fuide. Tá sé fa thuairm sé punta deag ar mheachain.
    Acht maidir le muintear na luinge, chaith siad trí laethe ceann i ndiaidh an ceann eile idir an Cnoc Sidhe agus Corr Ghráinne. Deirtear gur long as Lochlann a bhí ann agus go dtáinic siad ag cuartughadh an óir a d'fág na Lochlannaigh 'na ndiaid nuair a bhí siad ag imtheacht as Eirinn naoi cead bliadhanta roim sin. Bhí learsgeál agus uile leobhtha acht do theip sé orthú an t-ór a fhaghail. Deir corr duine go bhfuair Domhnall Ó Stráin chuid amháin de'n ór an t-am a fuair se an t-ór ina chuibhreann, acht chuir i gcás go bhfuil sin fíor, tá an da oiread de ór i bhfolach i gCorain Bhinne go fóil agus fuaras ann (?) Bfeidir go dtiocfaidh an t-adh ar duine eigen-teacht go fóil agus tiocfaidh sé ar an áit a bhfuil an t-ór, agus béidh se bréagh saidhbhear ó seo amach. Agus sin a b'fuil agam le radh dtaobh do na Lochlannaigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Vikings (~42)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir