School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 108
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon ghnás 'san cheanntar seo um Nodhlaig, ach amháin na "Mummers". Téigheann naoi gclaigne de na bhuachaillí óga thart ar gach tigh 'san cheanntar in diaidh na h-oidhche; bíonn ramás i mBéarla ag gach duine aca fá na Fianna (?) agus deireann siad é agus bheireann muinntir an tighe airgead dóbhtha. Leanann sluagh mór daoine iad go mbíonn gach teach 'san cheanntar siubhalta aca. Annsin bíonn damhsa aca, agus bheirtear tae do gach duine a théigheas chuig an damhsa.
Bíonn brúitinní againn fá choinne ar suipeára Oidhche Fhéile Bhríghde. Baintear feacha agus ghnidhthear crosannaibh asta 'san tráthnóna; cuirtear uisce coscreactha ortha, agus cuirtear ceann ós cionn bhoitheach. Sul a bhíos na bruitinní réidh téigheann duine sa tigh amach agus(continues on next page)- Collector
- Cáitlín Ní Shiadhail
- Gender
- Female
- Address
- Rapa, Co. Donegal
- Informant
- Aine Bean Uí Shiadhail
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Rapa, Co. Donegal