School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 140
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Naomh Seosamh agus an Mhaighdean Mhuire agus Íosa ag gabhail fríd an Iarúsailéim bhí an Mháighdean Mhuire ag marcaíocht ar asal agus deirtear gur sin an fáth go bhfuil crois ar an asal ariam ó shoin.
Nuair a bhí Ár dTighearna crochta ar an chros. Tháinig an broinn dearg anall agus thug sé iarraidh na táirnge a tharraing amach as lámha Íosa agus thuit deór fola amach ar bhrollach an éin agus deartháir gur sin an fáth go bhfuil brollach dearg ar an mbroinn dearg ariamh ó shoin.
Nuair a bhí saighdiúirí h-Erod ag marbhadh na leanbh bhí an dreoilín agus an bhroinn dearg thuas i gcrann in aice leó; chuir na saighdiúirí ceist ortha, an bhfaca siad duine ar bith ag siúl an bealach sin(continues on next page)- Collector
- Cáitlín Ní Shiadhail
- Gender
- Female
- Address
- Rapa, Co. Donegal
- Informant
- Áine Bean Uí Shiadhail
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Rapa, Co. Donegal