School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)istoigh ach seanbhean. D'iarr an cailín lóistín go maidin. Gheabhaidh agus fáilte arsa' n chailleach má gheallann tú nach namharcann tú suas an tsimléar go maidin. Gheall an cailín agus fuair sí lóistín go maidin. Shuidh sí isteach 'e chois na teineadh agus thosaigh 'n chailleach a' sníomh. Nuair a chuaidh sé tamall ar aghaidh san oidhche thit an chailleach 'na codhladh. D'amharc an cailín suas an tsimlear ansin agus thuit mála óir agus mála airgid anuas chuici. Bheir an cailín ar an dá mhála agus amach ar an doras léithi. Shiubhail sí léithi go dtainic sí fhad le tobar. "Tóg scála nó dhá scála díom" arsa an tobar "Nó níor tógadh scála le seacht mbliana díom"
"Ní thógfaidh maise" arsa'n cailín agus dimthig sí léithi. Ní rabh i bhfad go dtainic sí fhas le sean ghearran bán.
"Tionntuigh mé, tionntuigh mé" arsa'n sean ghearran "nó níor tionntuigheadh mé le seacht mbliana."
"Ní thionntochaidh maise" arsa'n cailín, agus shiubhail léithi.
Bhí sí dul thar chlaidhe agus arsa' n claidhe(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Eireadhain
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Srath na Bratóige, Co. Donegal