School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Damharc Murcadha mór na dhiaidh nuair a chuala sé an torman agus chonnaic sé an chailleach ar dhruim an tsearraigh. Rinneadh stuca dearg de nídh nach hiongnadh. Phill sé arais.Thug isteach an corp ‘un toighe. Annsin bhí sé comh sgannruighthe agus gur chomhairligh sé le Murchadha beag agus leis an fhear siubhail.
“Faoi’n spéir”, ars seisean leabhtha “goidé tá cearr aici nuair atá sí ar fad a’ teacht arais”
“Tá fhios agamse go maith” arsa’n fear siubhail “duine saidhbhir thusa agus níor chaith tú go leór léithí go foill. Ba chóir duit fosta”, a deir sé, “ceallag nótaí chur faoi na ceann san chomhnair”.
“Tá eagla mhór orm”, arsa Murchadha mór, “indiaidh sin uilig go bpillfidh sí nuair a thosaigh sí ar an obair”.
“Bhal”, arsa’n fear siubhail, “ma bheireann tú céad púnt damhse geallaim duit nach bhfeiceann tú arais í.
“Maith go leór”, arsa Murchadha mó, “bheirfidh agus fáilte”.(continues on next page)- Informant
- Searlas Mac Meanamain
- Gender
- Male
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Cró na Doinne, Co. Donegal