School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 165
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Chuaidh Éireannach anonn go h-Albain am amháin ag saothrú a chodach.”
SgéalChuaidh Éireannach anonn go h-Albain am amháin ag saothrú a chodach. Bhual sé suas le Sasanach thall agus bhí an bheirt an mhór le chéile Chuirfeadh an gasúr anall púnta achán mhí agus chaithfeadh siad an chuid eile le spós san óidhche. Bhí siad lá amháin agus ní rabh a’n phighinn acu. Bhí siad ag siubhal suas an t-sráid agus arsa an Sasanach “An bhfuil fíos agat caidé bhfuil mé ag smaointeadh air”. (arsa an Sasanach). “Níl fhíos agam” arsa’n t-Éireannach. “Caidé é” “Tá maise ma gnídh tusa béidh sinn saidhbhir. Gabh isteach ‘un an t-siopa sin thíos agus abair le fear an t-siopa go bhfuil an t-airgead a d’fhág tú aige le trí bliadhna a dhit ort. Abaireóchaidh seisean nar fhág tú airgead ar bith aige agus abair thúsa gur fhág(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Éichthighirn
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Informant
- Seamas Ua Creig
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Ghallbhuaile, Co. Donegal