School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 173
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean 'na chomhnuidhe ar an bhaile seo tuairim agus cúig chéad bliadhain ó shoin.”
(continued from previous page)na h-ubhla agus cuir iad ins an uaigh chéadna liomsa." "Dhéanfaidh mise sin"
arsa an gasúr. Fuair an bhean bás agus cuireadh í. Nuair a bhí sí curtha cupla lá, bhain an gasúr na h-ubhlaí, chuir mála iad agus ghread leis 'un na roilige. Ar an bhealach chas gasúr eile dó agus é ag dul fachoinne caorach. D'fiafruigh sé do'n ghasúr cá rab sé ag dul agus d'innis an gasúr dhó. "Bhall" arsa seisean "nuair a phillfeas mise cuideochaidh mé leat an uaigh a dhruid aríst.
Shin an bheirt leo. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Tháinic an gasúr gobtí an roilig, chuaidh isteach. D'fosgail an uaigh, agus chuir síos an mála le taoibh na mná. Nuair a bhí sin déanta aige rinne sé amach go mdéanfadh sé a sgríste agus shuid sé sios ar thurtóig.
Bhí teach pobal comhgarach ag an áit in ar chomhnuidhe sea-sagart agus sagart óg. Is cosamhail go rabh an sagart óg amuigh agus rith sé isteach chuig an t-sean t-sagart. " Dhia" arsa siesean "An bhean a cuireadh indé tá sí 'na suidhe ar an uaigh indiu." "Imthigh(continues on next page)- Collector
- Áine Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Donegal