School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 203
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus rinne sé amach gur chóir an méid ministear a bhí san áit a mharbhughadh.”
(continued from previous page)lá ar na bhárach chas amadán do agus arsa seisean. “Cia mhéad a ghlacfadh agus ministéar a chaitheamh san áit nach bhfeicfidhe níos mó é?” “Cúig a’s púnt” arsa an t-amadán. “Maith go leór siubhal leat anois”, arsa an fear. Cuaidh an fear isteach ‘na toighe agus thug ministir amach do’n amadán. Chaith an t-amadán an ministir ar a dhruim agus síos leis ag tarraingt ar an abhainn. Chaith sé (síos) isteach san uisge é agus tháinic sé aníos arais, fachoinne an airgid. Nuair a tháinic sé go dtí an doras bhí an fear annsin agus greim aige ar mhinistir eile agus arsa seisean. “Maigh ó, tá sé annseo go fóill; gabh síos arais agus caith isteach go maith é”.
D’imthigh an fear leis agus chaith isteach i lár an uisge dhomhain é. Annsin tháinic sé aníos agus caidé a tcídh sé ach an fear agus greim aige ar an tríomhadh mhinistir agus arsa seisean, “Droch rath air tá mé marbh ag rachaidh leis”. “Bhall fág shíos anois aríst é agus b’féidir na n-iarradh sé a theacht arais,” arsa an fear. D’imthigh an t-amadán agus an tríomhadh ministir ar a dhruim leis agus chaith san uisge é. Nuair a bhí sé d’á chuir síos(continues on next page)- Collector
- Áine Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Donegal