School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 277
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Baile beag liath, suaimhneach is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin.”
Baile beag liath, suaimhneach, is eadh Cill-Liathaigh i gConndae an Dúin. Tá na sraideannaí árd, clocha cruinn orthú, na taobhannaí deanta de clocaibh gainimh, ag ardughadh suas ó Loch Chuain. Ar an taobh theas d'en bhaile bheag seo tá Caisleán Chille-Liathaigh" in a suidhe ar chnuic os cionn na locha
Ba le Clann Mhic Artain an ait darb ainm Cill-Liathaigh agus Ceann Iartaigh, ach thainig fear darb ainm Séan De Courcy, teaghlach as Sasain agus socruigh síad i Cill-Liathaigh, agus thóg síad Caisléan. An sean Caisleán ag Cill-Liathaigh, ghlac Cromal seilbh air sa bhlían 1649. Annsin fuair Tighearna Dufferin" an caislean sa bhlían 1708.
Sgriobh an bhean Uasal Dufferin an dan ghalanta "I'm Sitting on the Style Mary" Tá miodún faoi'n chaisleán, tá abhainn bheag ag sileadh, agus roilig cóngarach fósta. Do réir na gCeithre Maighistir chuaidh Níall Ó Lochlann sa bhlían 1149, agus thug arm leis agus sgríos síád Cill-Éoin. Tá claidhe deanta de clocaibh thart fa'n roilig agus tá na ballaí d'en sean teach-phobal le feiceail go foill. Tá geafta iarainn crochta ar dhá phillar chloiche ar an roilig seo. Ag taoibh an geafta tá an stíle (style) ar a bhfuil tracht san dán.- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir