School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scaoileadh an t-Soiscéil ar fud na h-Eorpa. Fear ana-dhiadhanta B'eadh Bhuithe, agus ta scéal deas sa t-seanchus a' baint le na bhás annseo. Nuair a d'éag sé, na sca [?] aois, chaoin na mánaigh go faoider é. D'iarr siad ar Dhia é fágháil ar ais aca tamall eile, agus féach an críohadh lá indhéidh a bháis chonnaic siad a siubhal san gháirdín é agus mar b'eadh scannán glaoin thart air. D'Fhan se leith-Bhliain ei [?] 'na measc i ghá dteagasc 's annsin dubhairt go gcaithfeadh sé imtheacht uatha go bráth. Bhí sé a siubhal sa gháirdín lá agus tchí na mánaigh an dréimire óir a' teacht anuas ó'n speir chuige. Shiubhal se sias ar an dréimire indéidh slán fhágáil a 's d'imthigh an dréimire suas na dhéid. B'ar an lá sin rugadh Colm(continues on next page)
- Collector
- P. Mac Ailín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir