Scoil: Drong (uimhir rolla 15699)
- Suíomh:
- Drung, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán P. Mac Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drong
- XML Leathanach 140
- XML “Games I Play”
- XML “Conas a Chaitear Oíche Nollag sa Cheantar seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[/]
- Is í an Nodhlaig an Fhéile is mó san bhliadhain, mar an lá sin is eadh fo rugadh ár Slánuightheoir, Íosa Críost. Ar an chúis cheadna, bíonn áthas ar óg agus aosta, agus gan treighid ar bith 'na gcroidhe.
'Sna toighthe san cheanntar seo, bíonn togha gach bídh, agus rogha gach digh.
Nuair a thagann na páistí ó'n sgoil. téigheann siad amach le cuileann agus eidhneán a fhághail. Cuireann an máthair suas ar fud na toighe iad, chun é a mhaisiu. Bíonn gach aon rud réidhtighte i gcóir an fhéile, - an mearóg phluma deanta, an turcaí rósta; agus an tigh go deas glán.
Nuair a thagann Oidche Nodlag, cuireann na paistí a stocaí crochta ag an teintean, nuair a bhíonn siad ag dul a chodladh. Creideann siad go dtigeann Santa Clás síos an simne, agus sac mór de fheiríní aige, agus go gcuireann sé cuid ach 'sna stocaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní hArgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Quigley's Point, Co. Donegal