School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 176
- XML “Seanamhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán
“Céad slán go bliadain is a taca seo,”
Céad slán go bliadain is a taca seo,
Nach deas a bhí me gléasta
Me indon a' dul 'un cainnte le Gall is le Gaedilibh
Ná gur phós mé an giobach
Go raibh cupla bó mar spré aicí,
Is d'fhag sin fuar follamh mé
'S mo chroiceann feal gan léine.
II
Nuair a éirigim-se ar maidin
Agus mé i gcionn mo laidhe
Ní fhagam an teine fadaigh
Ná faolach ar mo páisde
Ní hé sin is mó a marbhuigheas mé
Ná méaduigeas ar mo shólas
Ach mo leanbh bán ag sgreadaighil
Is mo giobach i dteach mo chomharsan
III
A bhuachaillí oga an baile seo
An cuid agaibh atá gan posadh
Na fagaidh bean mhaith in bhur ndhiaidh
Mar gheall a bheith gan bólacht
Mar is fearr a bothán glan agaibh
le teacht isteach tratnóna(continues on next page)