School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: M. A. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[ch]onnaic sé an girrfiadh ag rith i gcoill agus tháinig sé go dtí an teach.
Dubhairt sé leis an t-sean-bhean a dreatháir a chur amach - [Is] olc an slighe an girrfiadh bheith annseo. "Ceangail" ar sise, "an chú, an seabhach agus an acfhuil dubh".
Tabhair dom gléas ceangail - Tharraing sí trí ribe dá [? ]oigean. Cas an fear ina láimh chun liathróid a dhéanamh - Chuaidh sé chuig an [tei]ne agus chaith sé síos ann. Bhí an t-sean-bhean agus é féin ag [b?]ácaint ar a chéile. Bhí sé dhá lagadh; "Cúnadh, Cúnadh ar an cú 'ár seisean. "Fáisg, Fáisg a ribe", ar sise. Tháinig an chú agus bhain sí greim mór as an t-sean-bhean. "Cúnadh, Cúnadh a seabhach", Fáisg, Fáisg a ribe. "Ní thig liom' tá mé 'sa teine, ars an ribe. Tháinig an seabhach agus bhain sé súil as an t-sean-bhean.
"Cúnadh, cúnach a acfhuil dubh."
"Cúnadh ribe", ar sise. "Tá mé 'sa teine", ars an ribe. Sabháil mé agus bhéárfaidh mé do dhriotháir agus an girrfiadh [u]ait.
Thug sí leí an t-slat dreachta agus bhain sí an dreacht uaidh. N.B. acfhuil (- capall an-árd)
Cúnadh = Congnamh- Informant
- Paitsín Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo