School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0065
- XML “Féilí na Bliana”
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oidhche sin bhíonn teine mór ins gach baile Agus téigheann na daoine go léir go dtí an áit sin, agus bhíonn siad ag rinnce timcheall na teine agus ag ceol. Annsin nuair a bhíonn siad ag dul abhaile tugann siad splannc dearg abhaile leo; agus dhéanann siad comhartha na croise ar na barraí go léir.
- Oidhche Shamhna: - Oidhche spóirteamhail iseadh Oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór i ngach teach an oidhche sin. Déanann bean an tíghe bairín breac agus cuireann sí fáinne, méaracán cnaipe agus raol isteach ann. Bíonn gach duine ar chipíníbh féachaint céard a bheadh le fághail aige. An duine gheibheann an fáinne sé an chead duine a bheidh pósta an duine a gheibheann an méaracán má’s cailín í posfaidh sí taillúir an duine gheibheann an t-airgead beidh saidhbhreas aige.
Tar éis an t-suipéir curtar tubán lán d’uisge i lár an urláir agus curtar alán ubhall isteach ann. Bíonn na duine ag iarraidh ubhaill a thóghaint amach as an dtubán le na bhéal gan lámh do chur san uisge.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuirgís
- Gender
- Female
- Address
- Monard, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Muirgís
- Gender
- Male
- Address
- Monard, Co. Galway