School: Eanach (C ) (roll number 8958)

Location:
Annagh, Co. Galway
Teacher:
Nóra Ní Dhíomasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach (C )
  2. XML Page 0004
  3. XML “Caisleán Dhoire Mhic Lachna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí gaolta idir Seán de Burcha 7 Clann Riochard de Búrca, an fear a throid in aghaidh Uí Cheallaigh i gCnoch [Tuagha], 1504. Tógadh an caisleán seo, tuairim ceithre céad bliadhan ó shoin. Deirti freisin gur pósadh é le inghean Ghráinne Uí Mháille ach sé mo bharamhail é nach fíor é sin.
    Nuair a déirigh Seán aosta, fualr sé bás annsin 7 chuireadh é san sean roilig cúpla slat ón gCaisleán. Tar eise sin, do chomhnuidhe Enri Clós 7 a bhean san gCaisleán. Be le hEnri an talamh timceall an chaisleáin is na roilge.
    Chuaidh mac Enrí, fear ar a tughdh Colnéal Clós air go London Shasana 7 is annsin a fuair se bás. Dóghadh a chorp 7 tugadh abhaile na luathraidh 7 chuireadh iadsan san roilg i nDoire Mach Lachna. San roilig freisn, tá trí cinn-chlocha le feiceál ós cionn uaighe na dtriúir. Bhí ceithre lochta ar an gcaisleán. Is aluinn an radharc atá le feiceal ón áit sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Nora Ní Dhíomasagih
    Gender
    Female
    Address
    Annagh, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Mhurchada
    Gender
    Female
    Age
    c. 20
    Address
    Ballyglass, Co. Galway