School: Saighleán (roll number 6849)

Location:
Sylaun, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Puirséal
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Saighleán
  2. XML Page 0287
  3. XML “Toibreacha Beannaithe na hÁite seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    TOBAR GÁRÁIN:
    I gCluan a' Glaise tá an tobar seo - míle glan díreach ó thuaidh ón scoil. Tá sruthán a rith tríd an baile agus tá an Tobar ar bhruach an tsrutháin timcheall 100 slat uaidh. Níl sean teampall nó fothrach inaice leis an áit a chuirfeadh in umhal dúinn go raibh naomh in a chómhnuidhe ann nó ná raibh.
    Deirtear gur i aonacht le N. Pádraic a bhí Gárán agus uair dá raibh siad a taisdeal na h-áite seo shuideadar síos annseo le n-a sgith a leigint. Bhain Gáráin cloch a bhí a lomadh aníos ar bharr na talamhan agus in áit na cloiche d'árduigh an tuisge go raibh sé chomh h-árd leis an bhféar sin é an fáth a tugadh Tobar Gárán air.
    Deantar turas annseo ar laethe áithrid:- an 15ad Mí Lúghnasa agus an 8adh mí na Nodlac. Deirtear nach féidir an tuisge seo a bhruith gur rinne sagart áithrid iarracht air é a bhruith acht gur cinn air agus in a dhiadh sin gur bhuaid tinneas eigin é mar gheall air agus ó sin ní raib se de mhisneach ag aon duine san gCómharsanacht é a bhruith.
    Deantar an turas mar seo:-
    Tosuightear ag an crann taobh siar agus deantar siubhal thart air seacht n-uaire a rádh san am céadna paidir, Ave Maria, gach uair agus an Cré a rádh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Mhaoilalaidh
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Maoilalaidh
    Gender
    Male