School: Saighleán (roll number 6849)
- Location:
- Sylaun, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Puirséal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Saighleán
- XML Page 0295
- XML “Cluain Phuis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Glan díreach míle go leith ó dheas de sgoil an tSaigleáin ar an mbruach chlé de abhainn an Chláir tá Cluian Phuis suidhthe. Áit iargcúl, uaigneach seadh í - an abhainn snígheadh thart ar na mághanna agus na lag phortaigh gan fuaim le cloisteaáil acht glór an easa nó sgréacha na Néan um tráthnóna. Is ins an áit uaignigh seo a cheap Naomh Iarlaith teampall a bhúnu agus tá na fothracha go soiléar le feiceál ann go fóill. Is ag Cluain Phuis tá roilic in a gcuirtear cuid mhór de Mhuinntir Pharóisde Tuama tar éis bás d'fhághail dóibh.Is é Naomh Iarflatha pátrún pharóisde Thuama agus Árd Fhairche Tuama.Bhí sé ina deisciobal do Naomh Beinín agus fuair sé a chuid oideachais ins an scoil a bhí ag Beinín Naomhtha ag Cill Bheinín.Nuair a ghlac sé sacramuint Ord Beannuighe agus nuair a chinn se teampall a Bhéinin le obair Dé deanamh agus teagasa Dé a foirleathnú imeasg a Chine féin san gCeanntair seo is ag Cluain Phuis a bhúnuigh sé é.Do shíolruigh Naomh Iarflatha ó Chine uasal san gComhursanacht agus chuidigheadar leis leis an teampall a dheanamh agus scoil(continues on next page)