School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear Fóghmhar Ag Dul Go Sasana.Bhí fear ann fadó as Catharnahaoine ag dul go Sasana agus ag dul ann chuaidh sé isteach chuig Quealy agus glaodh sé cáirt pórtar agus d'ól sé é. Sé an luach a bhí ar an pórtar an uair sin ceithre pighne. Leag sé amach sgilling agus bhí sise ag tabhairt senseal ar ais dó. Choinnigh é sin go mbeidh mé teacht ar ais, tá mé dul go Sasana. Cé'n chaoi an gcuimhneóchadh mise ar do chuid senseal núair a bhéas tú teacht ar ais. Núair a glaodhfas mise ar luach ocht bpighne de pórtar, agus núair a iarrfas tusa luach abróchadh mise "féach ar mó hata. Tá go maith ar sise.
D'imthigh leis go dtáinig sé go dtí Canabháin, agus ghlaodh sé ar cáirt pórtar d'ól sé é agus leag sé amach sgilling. Tharraing Canabháin a chuid senseal do, agus dubhairt sé leis é a choineál go mbéadh sé teacht an bealach arís. Cé'n chaoi an gcuimhneóchadh mise ar do cuid senseál. Núair glaodhfas mise deoch, iarrfaidh tusa luach, abróchadh mise "féach ar mo hata." Tá go maith ar seisean cuirfidh sin i gcuimhne dom é.
Chuaidh sé go Túaim. Cé'n mhaith sgéal fada a dhéanamh de sgéal gearr? Rinne sé an(continues on next page)- Collector
- Brígid Ní Mhanacháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seághan Ó Manacháin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Donaghpatrick, Co. Galway