School: Cnoc an Dúin (roll number 14278)

Location:
Knockroon, Co. Galway
Teacher:
M. M.Ó Fíthcheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0649

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0649

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Dúin
  2. XML Page 0649
  3. XML “Seáinín Bhaile Chláir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreach bhocht 'na comhnuidhe i mBáile Cláir agus ni raibh aice ach aon mhac amháin. Seáinín a bhí d'ainm air.
    "A mháthair " adeir sé léithe aon lá amháin,
    "Tá sé in-am agam-sa féachaint amach dhom féin agus a dhul le céird."
    "Agus cé'n céird ba mhaith leat a dhul leis, a mhuirnín?" arsa mháthair.
    "le gaduidheacht, a mháthair" arsa Seáinín.
    "Ó, a mhuirnín céird ar bith ach é sin," ars a mháthair
    "Sílim gurab é a tá ag Dia le m'aghaidh" arsa Seáinín, "agus a Mháthair, má déanann tusa trí cháicín agus iad a thabhairt leat siar chuig an sgeach aonraic ins an ngort, gabh ar do dhá glúin cúig slait amach ó'n sgeach agus abair paidir, agus caith cáicín isteach faoi bhun na sgeiche agus iarr ar Dhia cé'n céird a gcuirfidh thú Seáinín leis, agus freagróchaidh sé thú. Abair paidir eile agus iarr ar Dhia arís cé'n céird a gucirfidh tú Seáinín leis. Déan an cleas céadna an triomhadh uair agus bí fhios agat annsin má's é an céird atá ag Dia le n'aghaidh.
    Is gearr a bhí a mháthair imtighthe agus na trí cáicíní aice nuair amach le Seáinín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    M. M. Ó Fíthcheallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Knockroon, Co. Galway
    Informant
    Padraig de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Beagh Beg, Co. Galway