School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0072
- XML “Dán Diaga a Chum Micheál O Máille, 'Diarmuid Donn' - agus nár Cuireadh i gCló riamh é”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dán diadha a chum Miceál Ó Máille "Diarmuid Donn" - agus nár cuireadh i gcló ariamh é.Fuaireas ó'n tSiúr Íde Ní Mháille (a dheirbhshiúr) é. Tá sí o's cionn 74 bliadain.
A MHUIRE GHLÉIGEALA Mhuire ghléigeal! b'aoibhinn é
An saoghal dhom go buan,
Indiú ' fághail léarguis Flaitheas Dé.
Mur n-éaluigheadh sé 'ríst uaim.
Curfá:-A Bhainríoghan áluinn 's tú go h-árd
Is ughdar áthais dom féin
Go sheinnfinn tráth duit - sgoth na mbáth
A Mhuire Mháthair Mhaighdean Ghlé.
(II)Tá áthas croidhe ar t-aon Mhac Críost
Go síorraidhe os do chomhair
A Eaglais naomhtha solus fíor.
A' soillsiughadh dhuit go deo.
(III)Tá ainglí aoibhne Flaitheas Chríost
Go síoridhe 's seinnim cheóil
Tá sluagh na Naomh go h-uile cruinn
I ríoghachta bhreágh 'na glóir'- Informant
- An tSiúr Íde Ní Mháille
- Gender
- Female
- Age
- Over 74
- Occupation
- Bean rialta