School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0009
- XML “Na Seancheirdí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Sean CéardaíBa mhaith an áit le h-agaidh Ceardaí Eanach Cuain timhcheall céad bliain ó shoin. Bhíodh cuipéirí, siúinéaraí, fiadhóirí agus go leór ceardamhla nach iad ann. Bhí cúipéar, sin fear a dhéanfadh cuinneogá agus báirle i gCluanbuadh. Bhí Séimín Ó h-Áinín mar ainm air. Mhair sé timcheall caoga bliain ó shoin.
Bhí beirt siúinéar sa áit seo. Pádhraigh Mac Giollarnaith i nEanach agus Séimín ó h-Áinín i gCluanbuadh.B'iad Patsaigh Ó Giobúin agus Prionnsaís Ó Caomhánach an beirt fíadóir a bhí i nEanach Cuain. Tá Prionnsaís Ó Caomhánach beó fós acht níl an flainín gh'á dhéanamh aige anois. Bhí go leór tuigheadeoir i nEanach acht bheadh Pádhraigh Ó Néill í Mása agus Seámus Ó Gola i mbaile na Coillte an bheirt a b'fhearr. Bíodh fear a dhéanfadh lód timcheall na h-áite seo freisin. Séamus Ó Góla a bhí mar ainm air. B'as baile na Coille é.Bhí criatharadóir i gCoitíanta. Do dhéanfadh seisean na criathar a b'fhearr sa gCeanntarB'é an déantús brící a déantús a b'fhearr a bhí i nEanach Cuain fadó. Bhíodh na brící gh'á(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Chaomhánach
- Gender
- Male
- Address
- Eanach Dhúin, Co. Galway