School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0026
- XML “Gruagach Locha Fuair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gruagach Locha FuairFadó, fadó bhí sean rígh ina chómhnuidhe i Sean Cúirt in aice le Corrandula. Cnocúbhair ab ainm dó bhí aon mac amháin aige. Nuair a bhí sé óg chuaidh sé ar sgoil go dtí an Frainnc. Le linn do beith ar sgoil cailleadh a athair agus a mháthair. Ní raibh aon cára age annsin. Chaith sé a airgead ar cartai's ar ól agus níor fhág sé pighinn dó fhéin. Tháinig sé abhaile annsin go Sean Cúirt agus bhí sé bocht cráidthe. Bíodh sé ag strapadóireacht thart do déin. Suibhal sé suas chomh fada le locha Fuair lá. Bhí se ag feachaint amach ar an loch agus céard dfeicfeadh sé chuige ach bád mór agus trí seól air. Tháinig an bád chomh fada leis. Tháinig fear mór árt le gruaig fada fionn amach as. "Go mbeannuighidh Dia Dhuit a mic rígh Chonchubhair" adeir sé. "Go mbeannuighidh Dia's Muire duit" a duine uasal adeir Concúbhair. "a nimirfeá cluice cártai" adeir an gruagach. "Níl aon cartai agam a deir Choncubhair" ach "tá siad agamsa" adeir an fear eile agus isteach leis san mbád agus túg sé amach bórdh óir agus cártai airgid. Thosuigheadar ag imirt agus do gnothuigh Choncubhair an cluiche. "Abair aon rud atá ag taisteáil uait anois" adeir an gruagach agus tuibhraidh mise dhuit iad.
Déarfhaidh mé iad" adeir Concubair. "Nuair a racaidh mé soir go Sean-Cúirt go mbeidh mo stáblai lan(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhubhláine
- Gender
- Female
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway