School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0029
- XML “Gruagach Locha Fuair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dorcadas ag teacht air. Chuaidh sé isteach i gcoill le fastódh a fhágail. Chonnaic sé teach mór agus solus bréagh ag teacht as. Chuaidh sé chomh fada leis an teach agus rith an mada mór amach. Bhi a bheal oscailte aige ach caith Choncubhar piosa cáca dó agus do luigh sé sios. Cuala fear an tighe é agus thainig sé amach. Dinnis Choncubhair an sgéal dó ó thús deire . Thug an fear isteach é agus bhi an aische aige dó. Dimthigh sé leis arist an lá ar na bhaireach go dtáinigh go deo an darna dearbhriatear. Deirigh an rud céadhna leis san ait sin. Bhi sé ag imtheacht leis arís in a diaidh sin go bfaca sé tígh an tríomhadh dearbhráithear.
"Cá bhfuil do thriall" adeir sé le Choncubhair. "Go dti Bréndhán Ó búcháin 's na hIdiacha Shiar ag lorg a claidheamh solus" adeir Choncubhair. " Is olc an áit atá tú ag dul adeir fear an tigh tá na céadhea doine imtighte annsin fadó cheana agus nior thainig ar ais ariamh."
Nuair a bhi Concubhair gar do áit Bréndhán chonnaic sé fatach mór láidir in a sheasamh in aice le muileann. Bhi a mhéar leaghta ar aon thaobh a sróne agus bhi sé ag cur an mhuilleann ar suibhal leis an ceann eile. Dfhan Choncubhair ag féachaint air "tuige nach dtógann tú do mhéar ón thaobh eile" adeir sé. "Dá dtógfainn" adeir an fear eile cuirfinn an muilleann(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhubhláine
- Gender
- Female
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway