Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0269
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean ann fadó agus do bhíodh sí ag obair i gcómhnuidhe. Oidhche Sathairn amháin do bhí sí ag sníomh go deireannach san oidhche agus cia bhuailfeadh isteach chúichi acht sean-chailleach a raibh dá adharc uirthi chómh mór le h-adharcaibh tairbh. Do shuidh sí síos agus d'fiafruigh sí de bhean an tighe an raibh péire cárdaidhe aici agus dtiubhradh sí congnamh dí. "Níl ars' an bhean" "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin" ars' an sean chailleach agus do tharraing sí péire cárdáil amach as a pócha, agus do thosuigh sí ag cárdáil. Níor bhfada do bhí sí ag cárdáil go dtáinig cailleach eile isteach agus péire adharc uirri mar an gcéadhna. Do shuidh sí síos agus dubhairt dí dá mbeadh péire túrna aici. "Níl aon túrna agam ars' an bhean." "Ní raibh mise riamh gan mo ghléas oibre féin ars' an chailleach. Leis sin do tharraing sí amach túrna beag agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Fhathaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Chláir, Co. Galway