School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0435
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Nuair a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn bhí daoine ag ceapadh amach go raibh sé naomhtha.”
(continued from previous page)Naomh Pádraig anois, " agus geobhfaimid amach anois an bhfuil aon miorbhúiltí aige," adeir sé. Tháinig Naomh Pádraig agus bhí sé ag cainnt leis a ' bProtastún agus ní raibh áird ar bith ag a' bProtastún air.
"Anois", arsa Naomh Pádraig, "tá an carnán adhmaid seo críon agus tirim mar tá sé gearrtha agat le bliadhain."
"Tá " ars an feilméar.
"An t-adhmad tá tú ghá ghearradh anois níl sé chomh tirim leis" arsa Pádraig.
"Níl" ars an feilméar.
"Cé aca a dhéanfadh an teine is teotha" arsa Pádraig. " O dhéanfadh an t-adhmad atá tirim," ars an feilméar.
"Déanfaidh sin" arsa Naomh Pádraig. "Cuirfidh mise an dá abstal déag seo isteach ins an gcarnán sin agus cuir adhmad thart orra agus os a gcionn in chuile chaoi a bhféadfaidh tú, agus cuir thusa dhá fear déag de do chuid fear isteach ins an gcarnán atá úr. Ní dhógfadh sé chomh sgioptha agus ní bheadh sé chomh té."
"Ní bheadh" ars an Protastún.
Chuir siad an dá abstal déag isteach annsin agus an t-adhmad thart orra, agus chuir an(continues on next page)- Informant
- Sean an Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway