School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0449
- XML “Ábhar Sníomhadóireachta na Mná Pósta”
- XML “Préachán Glic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo gur stíplis stuaiplis m'ainm-se bheinn sé gan mo phágh." D'innis an fear d'a mhnaoi é gur chualaidh sé a leithéid de chomhrádh san lios, agus do phrioc sí í féin is ní ghorthigh. Bhí fhios aici gurb in í an bhean a thug an sníomh uathaí agus gurb í Stiplís Stuaiplis a h-ainm. Ba gheárr go dtáinig an t-sean chailleach isteach is an lín sníomhtha aici. "Míle fáilte rómhat a Stiplís Stuaiplís" ars a bean a ' tíghe. " Nár mhairis-se coidhche " ars an chailleach agus d'imthigh sí leí agus fearg uirthi.
- Bhí preacháin ann uair amháin agus bhí sé spalta leis an tart. Dearc sé faoi is thairis i ngach áit ach ní raibh braon uisge le fághail mar go raibh an aimsir an tirm. Ní raibh fhios aige ar bith céard a dhéanfadh sé agus a theanga amuigh ar a cheann. Ar deireadh(continues on next page)